Lá Fhéile Bríde

By | 1st February 2022

Déanaimid Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí Feabhra. Is é sin an chéad lá den Earrach.  Is í Naomh Bríd banéarlamh na hÉireann. Tugtar ‘Muire na nGael’ uirthi uaireanta. Is iomaí nós a bhaineann le Lá Fhéile Bríde. Déantar crosa Bhríde as luachair agus crochtar sa teach iad  chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc i rith na bliana. Bhí páistí na nGaelscoile ag baint taitneamh as a bheith ag déanamh crosa Bhríde inniu.