Seachtain na Gaeilge

By | 13th March 2024
Is mó rud atá ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge sa Ghaelscoil.  Bhí taispeántaistí ar an stáitse i halla na scoile ó gach rang ar an Máirt… Naíonáin go Rang a 6.  Bhí bua an cheoil go láidir le feiscint ag cailíní agus buachaillí na Gaelscoile.  Ba léir go bhfuil tallann den scoth ar fud na scoile idir rince, amhránaíochta  agus aisteoireachta.  Ár mbuíochas le múinteoirí na scoile ach go háirithe, Áine, Múinteoir Ceoil agus Pat, Múinteoir rince.  Rinne Múinteoir Colm sár jab  mar ‘fhear a’ tí’ agus gabhaimíd buíochas leis.

.

 

 

 

.