Bord Bainistíochta/Board of Management

Easpag Chiarraí, Raymond de Brún agus an tAire Oideachais Norma Ní Fhoghlú, T.D. i dteannta Bord Bainistíochta na scoile 2022.

Bord Bainistíochta

Ar feadh téarma ceithre bliana a cheaptar Bord Bainistíochta bunscoile. Is é téarma oifige na
mBord Bainistíochta nua ón 1 Nollaig 2015 go dtí an 30 Samhain 2019.
Bainistíonn an Bord an scoil thar ceann an Phátrúin agus tá sé cuntasach don Phátrún agus
don Aire. Is é an Príomhoide atá freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear
na múinteoirí agus an fhoireann eile a threorú agus a stiúradh, agus tá sí/sé cuntasach don
Bhord as an mbainistíocht sin.
Ceanglaítear ar gach Bord Bainistíochta bunscoile a théann i mbun oifige ón 1 Nollaig 2015 ar
aghaidh cloí le forálacha Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2015 – 2019.
Admhaítear go mbíonn ag na Boird is éifeachtaí freisin tuiscint shoiléir ar a ról agus ar a
bhfreagrachtaí agus go bhféachann siad chuige go gcomhlíontar iad sin. Is féidir le hoiliúint do
bhaill na mBord a bheith an-tábhachtach sa mhéid sin. Mar sin moltar go láidir do bhaill na
mBord leas a bhaint as an oiliúint a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear oiliúint a chuireann na
Comhlachtaí Bainistíochta ar fáil.
Ní mór don Bhord cur chuige dírithe ar an leanbh a ghlacadh ina chuid oibre ar fad. Caithfidh
sé aird a bheith aige freisin ar leas éifeachtúil a bhaint as acmhainní (go háirithe na deontais a
chuireann an Stát ar fáil), ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus ar chuntasacht do
scoláirí, dá dtuismitheoirí agus don phobal. Ina theannta sin, caithfidh an Bord spiorad sainiúil
(éiteas) na scoile a chosaint agus a bheith cuntasach don Phátrún as sin a dhéanamh.

Board of Management

Boards of Management of primary schools are appointed for a four year term. The term of office
for new Boards of Management is from 1 December 2015 to 30 November 2019.
The Board manages the school on behalf of the Patron and is accountable to the Patron and
the Minister. The Principal is responsible for the day-to-day management of the school, including
guidance and direction of the teachers and other staff of the school, and is accountable to the
Board for that management.
All Boards of Management of primary schools assuming office from 1 December 2015 onwards
are required to adhere to the provisions of the Governance Manual for Primary Schools 2015 –
2019. It is acknowledged that the most effective Boards also have a clear understanding of
their role and responsibilities and ensure that these are fulfilled. Training for Boards can play an
important role in this regard. Board members are therefore strongly advised to avail of the
training that is provided, including training provided by the Management Bodies.
The Board should adopt a child-centred approach to all of its work. It must also have regard to
the efficient use of resources (particularly the grants provided by the State), the public interest
in the affairs of the school and accountability to students, parents and the community. The Board
must also uphold the characteristic spirit (ethos) of the school and is accountable to the Patron
for so doing.

Bord Bainistíochta 2019-2023

Cathaoirleach
Riobeard Ó Cathasaigh

Rúnaí
Cáit Uí Chonchúir

Cisteoir (Ionadaí an Phobail)
Niall Ó Luasaigh

Ionadaí na Múinteoirí
Treasa Uí Raghaill

Ionadaí an Phatrúin
An tAthair P. Ó Nualláin

Ionadaí na dTuismitheoirí
Lorraine Ní Shúilleabháin & Stephen Buttimer

Ionadaí an Phobail
Sorcha Uí Shúilleabháin & Tadhg Ó Loingsigh