Stair na Scoile/Our History

  

Ár Stair/Our History

Bhunaigh Craobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge Gaelscoil Mhic Easmainn i 1978 chun oideachas lánghaeilge bunleibhéal a sholáthar do Thrá Lí agus don cheantar máguaird.
Oscalaíodh an foirgneach anseo ar Bhóthar Chillín, i 1988.

Tá an scoil ag dul ó neart go neart ó shin.

Thosnaigh an scoil i Meán Fómhair 1978 le beirt dalta is fiche, agus múinteoir amháin.
Tá trí chéad, tríocha is a trí dalta, Príomhoide, seacht múinteoir dhéag, seisear Cúntóirí Riachtanais Speisialta, Rúnaí agus beirt fheighlí ag freastal ar Ghaelscoil Mhic Easmainn daichead bliain níos déanaí.

Ainmníodh Gaelscoil Mhic Easmainn in onóir Ruairí Mac Easmainn. Bíonn an-bhród ar dhaltaí na scoile nuair a bhíonn suaitheantas na scoile á chaitheamh acu.

Leanaimíd modh foghlama an luaththumoideachais, córas a chabhraíonn le páistí an teanga a shealbhú go nadúrtha trí thaithí laethúil i dtimpeallacht Ghaelach. 

An Tumoideachas

Ciallíonn an tumoideachas córas ina múintear gach ábhar trí theanga shonraithe amháin.  ‘Sí an Ghaeilge teanga oibrithe na gaelscoile agus leanann na páistí an gnáth churaclam scoile mar atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tríd an gcóras seo baineann na daltaí ardchumas amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon.

Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh.

Cuimsítear i measc na mbuntáistí atá aitheanta sa taighde idirnaisiúnta:-

Buntáistí an Churaclaim.

  1. Gnóthachtáil mhéadaithe curaclam.
  2. Níos easca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú.

Buntáistí Cumarsáide

  1. An Dátheangachas (cumas dhá theanga a labhairt go líofa).
  2. Litearthacht i dhá theanga (léamh agus scríobh i dhá theanga)
  3. Cumarsáid níos forleithne (teaghlach, pobal, cáirde, fostaíocht).

  Buntáistí Cultúrtha

  1. Inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút fein luachanna cultúir eile); ilchultúrachas níos doimhne; Caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr.

Buntáistí Cognaíochta

  1. Buntáistí smaointeoireachta (cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide).

Buntáistí Carachtair

  1. Feinmhuinín níos airde.
  2. Diongbháiltgeacht féiniúlachta.

Buntáistí Airgid

  1. Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta.

Total Immersion Education

Here in Gaelscoil Mhic Easmainn we follow the early total immersion method of education which allows the children to acquire the language naturally through daily experience in an Irish language environment.

In an immersion education model all subjects are taught through the medium of a designated language.  Irish is the working language of a ‘gaelscoil’ and pupils follow the standard curriculum as laid out by the Department of Education and Skills.  Through this system pupils achieve a high level of fluency in both English and Irish.

Advantages of Immersion Education

Some of the documented advantages of immersion education include:-

Curriculum Advantages

  1. Greater academic success
  2. Easier to learn a third and fourth language.

 Communicative Advantages

  1. Bilingualism (the ability to speak two language fluently).
  2. Biliteracy (the ability to read and write in two languages)
  3. Wider communication (extended family, community, friends, employment.

Cultural Advantages.

  1. Broader exposure to and appreciation of the value of various cultures (enculturation), deeper multiculturalism, greater tolerance and less racism.

Cognitive Advantages

  1. Thinking benefits (creativity, sensitivity to communication).

Character Advantages.

  1. Raised self-esteem.
  2. Security in identity.

Financial Advantages

  1. Economic and employment benefits..

(Adapted by Gaelscoileanna Teo. From Baker, 2003