Fáilte ón bPríomhoide

Ar son mhuintir na Gaelscoile ba mhaith liom, Liam Ó Conchubhair, Príomhoide, fáilte a chur romhaibh go dtí ár suíomh idirlín, áit a bhfuil eolas mar gheall orainn chomh maith le grianghrafanna agus scéalta a bhaineann le saol na scoile agus gach éinne atá inti.

Tá súil againn go mbainfidh sibh idir taitneamh agus tairbhe as an eolas agus léargas seo ar shaol Ghaelscoil Mhic Easmainn. I 1978 bhunaigh Chraobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge Gaelscoil Mhic Easmainn chun oideachas lán-Ghaeilge bunleibhéal a sholáthar do Thrá Lí agus don cheantar maguaird. Tógadh an foirgneamh nua i 1988 agus ó shin tá Gaelscoil Mhic Easmainn suite anseo ar Bhóthar Chillín ar an dtaobh thuaidh de bhaile Thrá Lí.

Is Gaelscoil Chaitliceach í seo a sholathraíonn timpeallacht shlán shabháilte do gach duine chun tacú le forbairt foghlama agus múineadh. Leanaimíd modh foghlama an luaththumoideachais, córas a chabhraíonn le páistí an teanga a shealbhú go nadúrtha trí thaithí laethúil i dtimpeallacht Ghaelach. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na Gaelscoile agus baineann na leanaí amach an-líofacht sa Bheárla agus sa Ghaeilge tríd an gcóras seo. Sár-mhúinteoirí atá againn a chuireann togha oideachais ar fáil dod’ leanbh in atmasféar sona, cairdiúil agus taitneamhach a chothaíonn féin-mheas agus bua gach dalta trí mheán saibhir na teanga.


On behalf of everybody in Gaelscoil Mhic Easmainn I, Liam Ó Conchubhair, Principal, would like to welcome you to our website where you will find information about our school as well as many Gaelscoil photographs and stories. We hope you enjoy learning about life in Gaelscoil Mhic Easmainn.

In 1978 the Tralee Branch of Conradh na Gaeilge founded Gaelscoil Mhic Easmainn to provide an All Irish Primary Education for Tralee town and its environs. Our present school was built in 1988 here on Killeen Road at the northern end of the town.

We are a Catholic Gaelscoil who aim to provide a safe environment while promoting, supporting and developing our teaching and learning. We follow the early total immersion method of education which allows the children to acquire the language naturally through daily experience in an Irish language environment. Irish is the language of instruction and communication throughout the school and we are very proud of the high level of fluency of our pupils in both the Irish and English language. Our excellent teachers provide a high standard of education for your child in a happy, friendly, and pleasant setting where self-esteem and individual talent is nurtured within the richness of the Irish language.